Pacáiste Comhéadan Teanga (LIP) do Windows 8.1
Cuireann Pacáiste Comhéadan Teanga (LIP) Windows 8.1 comhéadan úsáideora páirt-aistrithe ar fáil de na codanna de Windows 8.1 is minice a úsáidtear.
Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.
Leagan:
1.0
Dáta Foilsithe:
12/11/2013
Ainm an Chomhaid:
LIP_ga-IE-32bit.mlc
LIP_ga-IE-64bit.mlc
Méid an Chomhaid:
2.6 MB
4.0 MB
Cuireann Pacáiste Comhéadan Teanga (LIP) Windows leagan páirt-aistrithe ar fáil de na codanna de Windows is minice a úsáidtear. Tar éis an LIP a shuiteáil, taispeánfar an téacs i ndraoithe, i mboscaí dialóige, i roghchláir agus i dtopaicí 'Cabhair agus Tacaíocht' sa teanga LIP. Is i mbunteanga Windows 8.1 a bheidh an téacs nach bhfuil aistrithe. Mar shampla, má cheannaigh tú leagan Spáinnise de Windows 8.1 agus má shuiteáil tú an LIP Catalóinise, taispeánfar cuid den téacs sa Spáinnis. Is féidir leat níos mó ná LIP amháin a shuiteáil ar bharr na bunteanga. Is féidir LIPanna Windows a shuiteáil i ngach leagan de Windows 8.1.- Le haghaidh treoracha réamhshuiteála, cliceáil anseo
- Cliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil ar an leathanach seo chun tús a chur leis an íoslódáil, nó roghnaigh teanga eile ón liosta anuas.
- Déan ceann de na rudaí seo a leanas:
- Chun tús láithreach a chur leis an tsuiteáil, cliceáil ar Rith.
- Chun an íoslódáil a shábháil ar an ríomhaire le go suiteálfaidh tú níos déanaí í, cliceáil ar Sábháil
- Le haghaidh treoracha iarshuiteála, cliceáil anseo
- Le haghaidh ceisteanna aitheanta, cliceáil anseo