Trace Id is missing

Pacáistí Teanga le haghaidh SharePoint Foundation 2013

Le pacáistí teanga, is féidir suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i níos mó ná teanga amháin gan SharePoint Foundation 2013 a shuiteáil as an nua i gcás gach teanga.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

Íoslódáil
  • Leagan:

    2013

    Dáta Foilsithe:

    02/04/2014

    Ainm an Chomhaid:

    sharepointlanguagepack.img

    Méid an Chomhaid:

    58.7 MB

    Le pacáistí teanga, is féidir suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i níos mó ná teanga amháin gan SharePoint Foundation 2013 a shuiteáil as an nua i gcás gach teanga. Is féidir breis is pacáiste teanga amháin a shuiteáil ar an bhfreastalaí céanna. Is féidir pacáiste teanga a shuiteáil gan aon athrú a dhéanamh ar an táirge de fhreastalaí Microsoft atá suiteáilte, ná ar theanga na ngnéithe riaracháín.

    Nótaí
    • Ní gá duit pacáiste teanga a íoslódáil don teanga atá suiteáilte agat, is chun tacú le teangacha breise a ceapadh na pacáistí teanga seo.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows Server 2008 R2 SP1, Windows Server 2012


    • Oibreoidh an íoslódail seo leis na feidhmchláir seo a leanas:

      • Microsoft SharePoint Foundation 2013


  • Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:

    Suiteáil pacáiste teanga:
    1. Chun an comhad a íoslódáil, cliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil (thuas) agus sábháil an comhad ar an diosca crua.
    2. Rith an feidhmchlár cumraíochta.
    3. Ar an leathanach 'Léigh Téarmaí Ceadúnais Bogearraí Microsoft', athbhreithnigh na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca Glacaim le téarmaí an chomhaontaithe seo agus cliceáil ar Lean ar aghaidh.
    4. Rith an draoi cumraíochta agus suiteálfar an pacáiste teanga.
    5. Athrith 'Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint' ar bhun na réamhshocruithe.
    Nóta: Mura ritheann tú 'Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint' tar éis an pacáiste teanga a shuiteáil, ní bheidh an pacáiste teanga suiteáilte i gceart.

    Athrith 'Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint':
    1. Cliceáil ar Tosaigh, dírigh ar Gach feidhmchlár, dírigh ar Táirgí Microsoft SharePoint 2013, agus ansin cliceáil ar Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint.
    2. Ar an leathanach 'Fáilte go táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint', cliceáil ar Ar aghaidh.
    3. Cliceáil ar sa bhosca dialóige ina dtugtar foláireamh duit go bhféadfadh sé a bheith riachtanach roinnt seirbhísí a atosú le linn na cumraíochta.
    4. Ar an leathanach 'Mionathraigh socruithe na braisle freastalaithe', cliceáil ar Ná dícheangal den bhraisle freastalaithe seo, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
    5. Má thagann an leathanach 'Mionathraigh socruithe riaracháín Gréasáin riaracháin lárnaigh SharePoint' aníos, ná hathraigh aon cheann de na réamhshocruithe, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
    6. Ar an leathanach 'Conas draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint' a chríochnú, cliceáil ar Ar aghaidh.
    7. Ar an leathanach 'D'éirigh leis an gcumraíocht', cliceáil ar Críochnaigh.
    Treoracha úsáide:

    Tá eolais maidir le húsáid ar fáil ag Déan pacáistí teanga SharePoint 2013 a shuiteáil nó a dhíshuiteáil.

    Chun an íoslódáil seo a bhaint:
    1. Ar an Roghchlár tosaigh, dírigh ar Socruithe agus ansin cliceáil ar Painéal rialaithe.
    2. Cliceáil faoi dhó ar 'Cuir feidhmchlár leis/Bain feidhmchlár'.
    3. Ar liosta na bhfeidhmchlár atá suiteáilte cheana féin, pioc an mhír suiteáilte agus ansin cliceáil ar BainCuir leis/Bain. Má thagann tú ar bhosca dialóige, lean na treoracha chun an feidhmchlár a bhaint.
    4. Cliceáil ar OK le deimhniú gur mian leat an feidhmchlár a bhaint.