Pacáistí Teanga do SharePoint Server 2013 - [Irish]
Cuireann pacáistí teanga ar do chumas suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i mbreis is teanga amháin gan gá a bheith le suiteálacha ar leith de SharePoint Server 2013.
Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.
Leagan:
2013
Dáta Foilsithe:
02/04/2014
Ainm an Chomhaid:
serverlanguagepack.img
Méid an Chomhaid:
100.2 MB
Cuireann pacáistí teanga ar do chumas suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i mbreis is teanga amháin gan gá a bheith le suiteálacha ar leith de SharePoint Server 2013 Preview. Is féidir breis is pacáiste teanga amháin a shuiteáil ar an bhfreastalaí céanna. Is féidir pacáiste teanga a shuiteáil gan aon athrú a dhéanamh ar an táirge de fhreastalaí Microsoft atá suiteáilte, ná ar theanga na ngnéithe riaracháin.
Nótaí
- Ní gá duit pacáiste teanga a íoslódáil maidir leis an teanga atá suiteáilte agat, is chun tacú le teangacha breise a ceapadh na pacáistí teanga seo.
Córais Oibriúcháin Tacaithe
Windows 7, Windows 8, Windows Server 2008 R2, Windows Server 2012
- Oibreoidh an íoslódáil seo leis na ríomhchláir seo a leanas
- Microsoft SharePoint Server 2013
- Microsoft Project Server 2013
- Oibreoidh an íoslódáil seo leis na ríomhchláir seo a leanas
- Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:
Suiteáil pacáiste teanga:- Íoslódáil an comhad trí chliceáil ar an gcnaipe Íoslódái (thuas) agus an comhad a shábháil go dtí do dhiosca crua.
- Rith an ríomhchlár cumraíochta.
- Ar leathanach Léigh Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft, déan athbhreithniú ar na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca Glacaim le téarmaí an chomhaontaithe seo agus ansin cliceáil ar Lean ar aghaidh.
- Ritear an draoi cumraíochta agus suiteálann sé an pacáiste teanga.
- Athrith Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint ag úsáid na réamhshocruithe.
Athrith Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint:- Cliceáil ar Tosaigh, dírigh ar Gach ríomhchlár, dírigh ar Táirgí Microsoft SharePoint 2013, agus ansin cliceáil ar Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint.
- Ar an leathanach Fáilte go Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint, cliceáil ar Ar aghaidh.
- Cliceáil ar Tá sa bhosca dialóige ina dtugtar foláireamh duit go bhféadfadh sé bheith riachtanach roinnt seirbhísí a atosú le linn na cumraíochta..
- Ar leathanach Mionathraigh Socruithe na Braisle Freastalaithe, cliceáil ar Ná dícheangal den bhraisle freastalaithe seo, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
- Má thagann an leathanach Mionathraigh Socruithe Feidhmchláir Ghréasáin maidir le Riarachán Lárnach SharePoint aníos, ná hathraigh aon cheann de na réamhshocruithe, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
- Ar an leathanach Conas Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint a chríochnú, cliceáil ar Ar aghaidh.
- Ar an leathanach Cumraíocht Rathúil, cliceáil ar Críochnaigh.
Is féidir faisnéis úsáide a fháil ach cuairt a thabhairt ar an suíomh Install or uninstall language packs for SharePoint 2013 site.
Chun an íoslódáil seo a bhaint:- Ar an Roghchlár tosaigh, dírigh ar Socruithe agus ansin cliceáil ar Painéal rialúcháin.
- Cliceáil faoi dhó ar Cuir ríomhchlár leis/Bain ríomhchlár.
- I liosta na ríomhchlár atá suiteáilte cheana féin, pioc an mhír suiteáilte agus ansin cliceáil ar Bain nó Cuir leis/Bain. Má fheictear bosca dialóige, lean na treoracha chun an ríomhchlár a bhaint.
- Cliceáil ar Tá nó OK le deimhniú gur mian leat an ríomhchlár a bhaint.