Trace Id is missing

Microsoft® Office Language Accessory Pack – Gaeilge

Cuireann Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge uirlisí breise taispeána, cabhrach nó profála leis, ag brath ar an teanga atá á suiteáil.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

Íoslódáil
  • Leagan:

    2016/2019

    Dáta Foilsithe:

    11/03/2016

    Ainm an Chomhaid:

    Office2016_LAP_Readme_ga-ie.docx

    Méid an Chomhaid:

    21.7 KB

    Cuireann Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge uirlisí breise taispeána, cabhrach nó profála leis, ag brath ar an teanga atá á suiteáil.
    I ndiaidh suiteála, is féidir cumais agus roghanna comhfhreagracha Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge a rochtain i bhfeidhmchláir Office agus i bhfeidhmchlár shainroghanna teanga Microsoft Office.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows 10, Windows 7, Windows 8

      I gcomhair na sonraí is déanaí faoi riachtanais córais féach an nasc Riachtanais córais i gcomhair Office
      Microsoft Windows 8 – OS 32 nó 64 ghiotán
      Microsoft Windows 10 – OS 32 nó 64 ghiotán. (Ní thacaítear ach le OS Windows 10 i gcomhair úsáideoirí a cheannaíonn Office 2019)
      Tabhair faoi deara: Suiteáil na pacaí seirbhíse is déanaí don chóras oibriúcháin chun tacaíocht den scoth a chinntiú do do theanga.

    BogearraíAon leagan foirne nó neamhspleách Office 2016 (nó níos nuaí) a chuimsíonn Microsoft Excel, Microsoft Lync, Microsoft OneNote, Microsoft Outlook, Microsoft PowerPoint nó Microsoft Word, tacóidh sé le Microsoft Office Language Accessory Pack 2016 (nó níos nuaí) – Gaeilge.
    Ríomhaire agus próiseálaíPróiseálaí 1.6 GHz le tacaíocht SSE2 nó níos airde; 4GB de RAM; 2 GB de RAM (32 ghiotán) nó níos airde

    Spás dioscaDe bhreis ar an spás diosca chrua in úsáid ag feidhmchláir Office,
  • cuirtear 4 GB de spás diosca chrua ar fáil.

  • Is ionann na riachtanais eile córais agus riachtanais na bhfeidhmchlár Office atá in úsáid agat le Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge.


  • Pacáiste Comhéadan Teanga Windows Moltar duit na Pacáistí Comhéadan Teanga Windows is déanaí a shuiteáil chun tacaíocht teanga den scoth a chur ar fáil don chóras oibriúcháin agus do na feidhmchláir bogearraí.

    Taifeach an mhonatóra agus socruithe DPI Cruthaíodh a lán clófhoirne chun rudaí a léamh chomh héifeachtach agus is féidir ag taifeach 1366 x 768. Má tá sé deacair do chlófhoireann teanga a léamh, athraigh na socruithe taispeána chuig an taifeach seo nó taifeach níos airde más gá. Tabhair faoi deara: molaimid duit feidhmchláir Office a úsáid ag réamhshocrú DPI Windows: DPI 96. Má úsáidtear DPI 120 tá seans ann go mbeidh drocheispéireas Office ag an úsáideoir i bhfeidhmchláir áirithe Office toisc go ndéantar méideanna na dialóige Office a mhéadú.

    Roghanna réigiúin agus teanga Ina theannta sin, moltar duit naRoghanna réigiúin agus teanga sa Phainéal Rialúcháin a shocrú chuig teanga Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge.

  • Chun é seo a shuiteáil:
    1. Íoslódáil comhad suiteálaí anLanguage Accessory Pack tríd an nasc seo a chliceáilÍoslódáil suiteálaí an Language Accessory Pack
    2. I ndiaidh íoslódála, roghnaigh ‘Rith’.
    3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chur i gcrích.

    Athraigh an comhéadan úsáideora chuig teanga an Language Accessory Pack
    Tar éis an Language Accessory Pack a shuiteáil, beidh tú ábalta an comhéadan úsáideora a athrú chuig Gaeilge i bhfeidhmchláir Office nó i bhfeidhmchlár Shainroghanna teanga Microsoft Office.

    Chun teanga an chomhéadan úsáideora a athrú ó Shainroghanna teanga:

    1. LainseáilSainroghanna teanga Office.
    2. Ón liosta Roghnaigh teangacha eagarthóireachta roghnaigh an teanga eagarthóireachta agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
    3. Ó na liostaí Roghnaigh teangacha taispeána agus cabhrach roghnaigh an teanga taispeána agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
    4. Cliceáil ar an gcnaipe ‘OK’.

    Chun teanga an chomhéadan úsáideora a athrú ó fheidhmchlár Office:

    1. Gabh chuig ‘Comhaid’, ‘Roghanna’agus ansin roghnaigh ‘Teanga’.
    2. Ón liosta Roghnaigh teangacha eagarthóireachta roghnaigh an teanga eagarthóireachta agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
    3. Ó na liostaí Roghnaigh teangacha taispeána agus cabhrach roghnaigh an teanga taispeána agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
    4. Cliceáil ar an gcnaipe ‘OK’.

    Cuirfear na socruithe teanga atá roghnaithe agat i bhfeidhm an chéad uair eile a thosófar feidhmchláir Office.

    Athraigh an teanga litrithe
    D’fhéadfadh uirlisí profála i do theanga a bheith ina gcuid de Microsoft Office Language Accessory Pack - Gaeilge. Lean na treoracha seo a leanas chun an teanga litrithe a athrú don téacs:

    Excel: Úsáideann Excel an socrú teanga príomheagarthóireachta Microsoft Office chun an teanga réamhshocraithe litrithe a shocrú. Chun é seo a athrú, cliceáil ar ‘Comhad’, agus ansin cliceáil ar‘Roghanna’. Cliceáil ar an roghaprofála agus roghnaigh ceann de na teangacha atá ar fáil i liosta teangacha an fhoclóra.

    Outlook, PowerPoint, Word agus OneNote: Roghnaigh an téacs ar mian leat seiceáil litrithe a dhéanamh air, cliceáil ar ‘Athbhreithnigh’, cliceáil ar an gcnaipe ‘Teanga’ agus ansin cliceáil ar an rogha‘Socraigh an teanga phrofála’. Roghnaigh an teanga inmhianaithe ón mbosca liosta agus cliceáil ar ‘OK’.