Microsoft Office ScreenTip Language
Bain úsáid as aistriúcháin leide scáileáin chun téacs eilimintí taispeána – amhail cnaipí, roghchláir agus boscaí dialóige – a thaispeáint i dteanga eile.
Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.
Leagan:
1.0
Dáta Foilsithe:
17/05/2013
Ainm an Chomhaid:
screentiplanguage_ga-ie_32bit.exe
screentiplanguage_ga-ie_64bit.exe
Méid an Chomhaid:
1.5 MB
1.5 MB
Athraigh teanga na leide scáileáin chun aistriúcháin eilimintí taispeána – amhail cnaipí, roghchláir agus boscaí dialóige – a thaispeáint i dteanga eile agus d'fhonn cabhrú le húsáideoirí chun feidhmchláir Microsoft Office atá suiteáilte i dteanga nach dtuigeann siad a nascleanúint.
Seo roinnt samplaí úsáide:- Cúnamh teanga dátheangach agus ilteangach
- Féadfaidh innealtóirí cabhrach tacaíocht a thairicint le haghaidh teangacha nach dtuigeann siad
- Úsáideoirí a úsáideann Office go sealadach i dteanga iasachta nó ar feadh tréimhse sealadaí (Úsáideoirí fánaíochta)
- Úsáid teanga ar PC comhroinnte
Córais Oibriúcháin Tacaithe
Windows 7, Windows 8 Release Preview
- Tacaítear leis na feidhmchláir Microsoft Office seo:
- Microsoft Office Word 2013, Microsoft Office Excel 2013, Microsoft Office Outlook 2013, Microsoft Office PowerPoint 2013, Microsoft Office OneNote 2013, Microsoft Office Visio 2013, Microsoft Office Publisher 2013
- Na bogearraí atá riachtanach:
- D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach comhaid tacaíochta a shuiteáil le haghaidh teangacha na hÁise Thoir agus teangacha scripte coimpléascaí. Is féidir é seo a dhéanamh trí ‘Roghanna teanga agus réigiúnda’ sa phainéal rialúcháin.
- Leis an íoslódáil seo a shuiteáil:
- Cliceáil an cnaipe 'Íoslódáil' ar an leathanach seo le tosú.
- Déan ceann de na rudaí seo a leanas:
- Leis an tsuiteáil a thosú láithreach, cliceáil ar 'Rith'.
- Leis an íoslódáil a shábháil chuig do ríomhaire chun í a shuiteáil ar ball, cliceáil ar 'Sábháil'.
- Leis an tsuiteáil a chealú, cliceáil ar 'Cealaigh'.
Le ScreenTip Language (Teanga na leide scáileáin) a chasadh as nó a athrú:- Cliceáil ar an gcnaipe 'Comhad' Office, roghnaigh 'Roghanna', roghnaigh 'Teanga' agus socraigh ScreenTip Language (Teanga na leide scáileáin) ag 'Meaitseáil leis an teanga taispeána'.
Leis an íoslódáil seo a bhaint:- Ón roghchlár 'Tosaigh', téigh chuig an bpainéal rialúcháin.
- Cliceáil faoi dhó ar 'Cuir isteach/Bain Ríomhchláir'.
- I liosta na ríomhchlár atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh Microsoft Office ScreenTip Language, agus ansin cliceáil ar 'Bain' nó 'Cuir isteach/Bain'. Má bhíonn bosca dialóige le feiceáil, lean na treoracha leis an ríomhchlár a bhaint.
- Cliceáil ar 'Is mian' nó OK le cinntiú gur mhaith leat an ríomhchlár a bhaint.