Trace Id is missing

Microsoft® Office Language Interface Pack 2013 – Gaeilge

Cuireann Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge Comhéadan Úsáideora aistrithe ar fáil le haghaidh cuid mhaith d'fheidhmchláir Microsoft Office 2013.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

  • Leagan:

    2013

    Dáta Foilsithe:

    20/05/2013

    Ainm an Chomhaid:

    languageinterfacepack-x64-ga-ie.exe

    languageinterfacepack-x86-ga-ie.exe

    Méid an Chomhaid:

    13.9 MB

    13.8 MB

      Cuireann Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge Comhéadan Úsáideora aistrithe ar fáil le haghaidh na bhfeidhmchlár Microsoft Office 2013 seo a leanas:

    • Microsoft Excel® 2013

    • Microsoft OneNote® 2013

    • Microsoft Outlook® 2013

    • Microsoft PowerPoint® 2013

    • Microsoft Word® 2013


    • Trí úsáid a bhaint as Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge, is féidir le húsáideoirí dul i mbun oibre sna leaganacha de na feidhmchláir Office a dtacaítear leo sa teanga suiteála bunaidh agus orduithe agus roghanna a fheiceáil do na feidhmchláir sin as Gaeilge.

      Nuair atá Microsoft Office Language Interface Pack 2013 á shuiteáil, déantar comhaid a chuireann ar chumas úsáideoirí teanga an chomhéadain úsáideora a athrú a chóipeáil chuig diosca crua na sprice. Tar éis na suiteála, bíonn acmhainní agus roghanna comhfhreagracha Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge ar fáil laistigh d'fheidhmchláir Office 2013 agus i bhfeidhmchlár Shocruithe Teanga Microsoft Office 2013.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows 7, Windows 8

      Microsoft Windows 7 - OS 32 nó 64 giotán
      Microsoft Windows 8 - OS 32 nó 64 giotán
      Tabhair faoi deara: Cinntigh go suiteálann tú na Pacaí Seirbhíse is déanaí le haghaidh do Chórais Oibriúcháin chun a chinntiú go mbeidh tacaíocht bharrmhaith ann le haghaidh do theanga.

    Bogearraí Aon leagan de shraith nó de tháirge neamhspleách Office 2013 ina bhfuil Microsoft Excel, Microsoft OneNote, Microsoft Outlook, Microsoft PowerPoint nó Microsoft Word nó a thacóidh le Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge. Tabhair faoi deara: Cinntigh go suiteálann tú na Pacaí Seirbhíse is déanaí de chuid Microsoft Office le haghaidh do tháirgí Microsoft Office. Beidh eispéireas úsáideora níos fearr le fáil dá bharr.

    Ríomhaire agus próiseálaí Próiseálaí 1 GHz le tacaíocht SSE2 nó níos airde; 2 GB RAM nó níos airde

    Spás diosca De bhreis ar an spás diosca chrua a úsáideann feidhmchláir suiteála de chuid Office 2013,
  • 3 GB de spás diosca chrua atá ar fáil.

  • Is ionann na riachtanais chórais ar fad eile agus cinn na bhfeidhmchlár eile de chuid Office 2013 atá á n-úsáid agat le Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge.


  • Windows Language Interface Pack Moltar an Language Interface Pack is déanaí de chuid Windows 7 nó Windows 8 a shuiteáil chun tacaíocht teanga bharrmhaith a fháil le haghaidh do Chórais Oibriúcháin agus d'fheidhmchlár bogearraí.

    Socruithe thaifeach an mhonatóra agus DPI Cruthaíodh go leor chlófhoirne le gur féidir iad a léamh go barrmhaith ag taifeach 1366 x 768. Má tá deacrachtaí agat clófhoireann do theanga a léamh nuashonraigh do shocruithe taispeána chuig an taifeach sin nó níos airde más gá. Tabhair faoi deara: molaimid duit feidhmchláir Office 2013 a úsáid ag réamhshocrú DPI Windows - 96 DPI. Má úsáidtear socrú DPI 120, d'fhéadfaí droch-eispéireas Office a fháil i roinnt feidhmchlár Office trí mhéideanna dialóige Office a mhéadú.

    Roghanna réigiúnacha agus teanga Anuas air sin moltar gur chóir na Roghanna réigiúnacha agus teanga go léir sa Phainéal Rialúcháin a shocrú go teanga Microsoft Office Language Interface Pack 2013 - Gaeilge

  • Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:
    1. Íoslódáil an comhad LanguageInterfacePack.exe trí chliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil (thuas) agus an comhad a shábháil chuig do dhiosca crua.
    2. Cliceáil faoi dhó ar an gcomhad ríomchláir LanguageInterfacePack.exe ar do dhiosca crua chun tús a chur leis an ríomhchlár 'Suiteáil'.
    3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chríochnú.
    4. Nuair a bheidh sé suiteáilte is féidir an comhad LÉIGHMÉ le haghaidh do Microsoft Office Language Interface Pack 2013 a aimsiú ag C:\Comhaid Ríomhchláir\Comhaid Choiteanna\microsoft comhroinnte\OFFICE15\2108\LIPread.htm.
    5. Ní thacaítear le huasghrádú Office 2010 le Office 2010 Language Interface Pack ná leagan roimh Office 2013 le Office 2013 Language Interface Pack. Más mian leat do bhun-suiteáil Office 2010 a uasghrádú chuig Office 2013 le Office 2013 Language Interface Pack ba cheart duit:
      • Office 2010 Language Interface Pack a dhíshuiteáil.
      • Suiteáil Office 2013 a rith agus uasghrádú a roghnú.
      • Nuair a bheidh suiteáil Office 2013 críochnaithe, suiteáil agus cumraigh Office 2013 Language Interface Pack.



    Do tháirge Oifig a ghníomhachtú:
    Má tá deacrachtaí agat an Cód Suiteála ar fad ar dhialóg "Draoi Gníomhachtúcháin Microsoft Office" a léamh, nó mura dtaispeántar an cód suiteála ar fad i gceart nuair atá Microsoft Office Language Interface Pack 2013 a úsáid agat, cealaigh an draoi agus athraigh chuig do tháirge bunteanga chun do tháirge Microsoft Office a ghníomhachtú.

    Treoracha úsáide:
    Chun do Chomhéadan Úsáideora a athrú chuig teanga Microsoft Office Language Interface Pack 2013 – Gaeilge, lean na céimeanna seo:

    1. Lainseáil Roghanna Teanga Microsoft Office 2013 ó roghchlár Tosaigh\Gach Ríomchlár\Microsoft Office\Uirlisí Microsoft Office .
    2. Faoi Roghnaigh na teangacha taispeána agus cabhrach, faoi Teanga taispeána roghnaigh an teanga atá uait agus cliceáil ar an gcnaipe Socraigh mar réamhshocrú .
    3. Faoi Roghnaigh na teangacha eagarthóireachta, roghnaigh an teanga atá uait agus cliceáil ar an gcnaipe Socraigh mar réamhshocrú .
    4. Cliceáil ar an gcnaipe OK .


    Cuirfear na socruithe teanga a roghnaigh tú i bhfeidhm an chéad uair eile a thosóidh tú d'fheidhmchlár Office.
    Tabhair faoi deara: Ní féidir Cabhair a athrú chuig teanga Microsoft Office Language Interface Pack 2013 – Gaeilge Beidh Cabhair i gcónaí i dteanga do shuiteála bunaidh.
    Socraigh do chabhair taispeána sa liosta anuas chuig an mbunteanga i gcónaí.

    Chun an feidhmchlár seo a bhaint:
  • Scoir de gach ríomhchlár Microsoft Office.
  • Cliceáil faoi dhó ar an deilbhín Ríomhchláir agus Gnéithe i bPainéal RialúcháinWindows.
  • Sa rogha Díshuiteáil nó athraigh ríomhchlár, cliceáil ar Microsoft Office Language Interface Pack 2013 – Gaeilge sa bhosca Ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair, agus roghnaigh Díshuiteáil .
  • Lean na treoracha ar an scáileán.