Pacáistí Teanga le haghaidh SharePoint Foundation 2013
Le pacáistí teanga, is féidir suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i níos mó ná teanga amháin gan SharePoint Foundation 2013 a shuiteáil as an nua i gcás gach teanga.
Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.
Leagan:
15.0.4569.1506
Dáta Foilsithe:
17/05/2018
Ainm an Chomhaid:
spf_lpk_SP1_x64_ga-ie.img
Méid an Chomhaid:
58.7 MB
Le pacáistí teanga, is féidir suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i níos mó ná teanga amháin gan SharePoint Foundation 2013 a shuiteáil as an nua i gcás gach teanga. Is féidir breis is pacáiste teanga amháin a shuiteáil ar an bhfreastalaí céanna. Is féidir pacáiste teanga a shuiteáil gan aon athrú a dhéanamh ar an táirge de fhreastalaí Microsoft atá suiteáilte, ná ar theanga na ngnéithe riaracháín.
Nótaí
- Ní gá duit pacáiste teanga a íoslódáil don teanga atá suiteáilte agat, is chun tacú le teangacha breise a ceapadh na pacáistí teanga seo.
Córais Oibriúcháin Tacaithe
Windows Server 2008 R2 SP1, Windows Server 2012, Windows Server 2012 R2
- Oibreoidh an íoslódail seo leis na feidhmchláir seo a leanas:
- Microsoft SharePoint Foundation 2013
- Oibreoidh an íoslódail seo leis na feidhmchláir seo a leanas:
- Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:
Suiteáil pacáiste teanga:- Chun an comhad a íoslódáil, cliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil (thuas) agus sábháil an comhad ar an diosca crua.
- Rith an feidhmchlár cumraíochta.
- Ar an leathanach 'Léigh Téarmaí Ceadúnais Bogearraí Microsoft', athbhreithnigh na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca Glacaim le téarmaí an chomhaontaithe seo agus cliceáil ar Lean ar aghaidh.
- Rith an draoi cumraíochta agus suiteálfar an pacáiste teanga.
- Athrith 'Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint' ar bhun na réamhshocruithe.
Athrith 'Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint':- Cliceáil ar Tosaigh, dírigh ar Gach feidhmchlár, dírigh ar Táirgí Microsoft SharePoint 2013, agus ansin cliceáil ar Draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint.
- Ar an leathanach 'Fáilte go táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint', cliceáil ar Ar aghaidh.
- Cliceáil ar Tá sa bhosca dialóige ina dtugtar foláireamh duit go bhféadfadh sé a bheith riachtanach roinnt seirbhísí a atosú le linn na cumraíochta.
- Ar an leathanach 'Mionathraigh socruithe na braisle freastalaithe', cliceáil ar Ná dícheangal den bhraisle freastalaithe seo, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
- Má thagann an leathanach 'Mionathraigh socruithe riaracháín Gréasáin riaracháin lárnaigh SharePoint' aníos, ná hathraigh aon cheann de na réamhshocruithe, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
- Ar an leathanach 'Conas draoi cumraíochta táirgí agus teicneolaíochtaí SharePoint' a chríochnú, cliceáil ar Ar aghaidh.
- Ar an leathanach 'D'éirigh leis an gcumraíocht', cliceáil ar Críochnaigh.
Tá eolais maidir le húsáid ar fáil ag Déan pacáistí teanga SharePoint 2013 a shuiteáil nó a dhíshuiteáil.
Chun an íoslódáil seo a bhaint:- Ar an Roghchlár tosaigh, dírigh ar Socruithe agus ansin cliceáil ar Painéal rialaithe.
- Cliceáil faoi dhó ar 'Cuir feidhmchlár leis/Bain feidhmchlár'.
- Ar liosta na bhfeidhmchlár atá suiteáilte cheana féin, pioc an mhír suiteáilte agus ansin cliceáil ar Bain nó Cuir leis/Bain. Má thagann tú ar bhosca dialóige, lean na treoracha chun an feidhmchlár a bhaint.
- Cliceáil ar Tá nó OK le deimhniú gur mian leat an feidhmchlár a bhaint.