Microsoft® Office Language Accessory Pack – Gaeilge
Cuireann Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge uirlisí breise taispeána, cabhrach nó profála leis, ag brath ar an teanga atá á suiteáil.
Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.
Leagan:
2016/2019
Dáta Foilsithe:
11/03/2016
Ainm an Chomhaid:
Office2016_LAP_Readme_ga-ie.docx
Méid an Chomhaid:
21.7 KB
Cuireann Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge uirlisí breise taispeána, cabhrach nó profála leis, ag brath ar an teanga atá á suiteáil.
I ndiaidh suiteála, is féidir cumais agus roghanna comhfhreagracha Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge a rochtain i bhfeidhmchláir Office agus i bhfeidhmchlár shainroghanna teanga Microsoft Office.Córais Oibriúcháin Tacaithe
Windows 10, Windows 7, Windows 8
- I gcomhair na sonraí is déanaí faoi riachtanais córais féach an nasc Riachtanais córais i gcomhair Office
Microsoft Windows 8 – OS 32 nó 64 ghiotán
Microsoft Windows 10 – OS 32 nó 64 ghiotán. (Ní thacaítear ach le OS Windows 10 i gcomhair úsáideoirí a cheannaíonn Office 2019)
Tabhair faoi deara: Suiteáil na pacaí seirbhíse is déanaí don chóras oibriúcháin chun tacaíocht den scoth a chinntiú do do theanga.
BogearraíAon leagan foirne nó neamhspleách Office 2016 (nó níos nuaí) a chuimsíonn Microsoft Excel, Microsoft Lync, Microsoft OneNote, Microsoft Outlook, Microsoft PowerPoint nó Microsoft Word, tacóidh sé le Microsoft Office Language Accessory Pack 2016 (nó níos nuaí) – Gaeilge.
Ríomhaire agus próiseálaíPróiseálaí 1.6 GHz le tacaíocht SSE2 nó níos airde; 4GB de RAM; 2 GB de RAM (32 ghiotán) nó níos airde
Spás dioscaDe bhreis ar an spás diosca chrua in úsáid ag feidhmchláir Office,- cuirtear 4 GB de spás diosca chrua ar fáil.
- Is ionann na riachtanais eile córais agus riachtanais na bhfeidhmchlár Office atá in úsáid agat le Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge.
Pacáiste Comhéadan Teanga Windows Moltar duit na Pacáistí Comhéadan Teanga Windows is déanaí a shuiteáil chun tacaíocht teanga den scoth a chur ar fáil don chóras oibriúcháin agus do na feidhmchláir bogearraí.
Taifeach an mhonatóra agus socruithe DPI Cruthaíodh a lán clófhoirne chun rudaí a léamh chomh héifeachtach agus is féidir ag taifeach 1366 x 768. Má tá sé deacair do chlófhoireann teanga a léamh, athraigh na socruithe taispeána chuig an taifeach seo nó taifeach níos airde más gá. Tabhair faoi deara: molaimid duit feidhmchláir Office a úsáid ag réamhshocrú DPI Windows: DPI 96. Má úsáidtear DPI 120 tá seans ann go mbeidh drocheispéireas Office ag an úsáideoir i bhfeidhmchláir áirithe Office toisc go ndéantar méideanna na dialóige Office a mhéadú.
Roghanna réigiúin agus teanga Ina theannta sin, moltar duit naRoghanna réigiúin agus teanga sa Phainéal Rialúcháin a shocrú chuig teanga Microsoft Office Language Accessory Pack – Gaeilge.- Chun é seo a shuiteáil:
- Íoslódáil comhad suiteálaí anLanguage Accessory Pack tríd an nasc seo a chliceáilÍoslódáil suiteálaí an Language Accessory Pack
- I ndiaidh íoslódála, roghnaigh ‘Rith’.
- Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chur i gcrích.
Athraigh an comhéadan úsáideora chuig teanga an Language Accessory Pack
Tar éis an Language Accessory Pack a shuiteáil, beidh tú ábalta an comhéadan úsáideora a athrú chuig Gaeilge i bhfeidhmchláir Office nó i bhfeidhmchlár Shainroghanna teanga Microsoft Office.
Chun teanga an chomhéadan úsáideora a athrú ó Shainroghanna teanga:- LainseáilSainroghanna teanga Office.
- Ón liosta Roghnaigh teangacha eagarthóireachta roghnaigh an teanga eagarthóireachta agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
- Ó na liostaí Roghnaigh teangacha taispeána agus cabhrach roghnaigh an teanga taispeána agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘OK’.
- Gabh chuig ‘Comhaid’, ‘Roghanna’agus ansin roghnaigh ‘Teanga’.
- Ón liosta Roghnaigh teangacha eagarthóireachta roghnaigh an teanga eagarthóireachta agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
- Ó na liostaí Roghnaigh teangacha taispeána agus cabhrach roghnaigh an teanga taispeána agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Socraigh mar réamhshocrú’.
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘OK’.
Athraigh an teanga litrithe
D’fhéadfadh uirlisí profála i do theanga a bheith ina gcuid de Microsoft Office Language Accessory Pack - Gaeilge. Lean na treoracha seo a leanas chun an teanga litrithe a athrú don téacs:
Excel: Úsáideann Excel an socrú teanga príomheagarthóireachta Microsoft Office chun an teanga réamhshocraithe litrithe a shocrú. Chun é seo a athrú, cliceáil ar ‘Comhad’, agus ansin cliceáil ar‘Roghanna’. Cliceáil ar an roghaprofála agus roghnaigh ceann de na teangacha atá ar fáil i liosta teangacha an fhoclóra.
Outlook, PowerPoint, Word agus OneNote: Roghnaigh an téacs ar mian leat seiceáil litrithe a dhéanamh air, cliceáil ar ‘Athbhreithnigh’, cliceáil ar an gcnaipe ‘Teanga’ agus ansin cliceáil ar an rogha‘Socraigh an teanga phrofála’. Roghnaigh an teanga inmhianaithe ón mbosca liosta agus cliceáil ar ‘OK’.