Trace Id is missing

Achoimre ar na hAthruithe ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft – 30 Meán Fómhair, 2023

Tá Comhaontú Seirbhísí Microsoft á nuashonrú againn, comhaontú a rialaíonn an úsáid a bhaineann tú as táirgí agus seirbhísí ar líne Microsoft do thomhaltóirí. Gheofar ar an leathanach seo achoimre ar na hathruithe is suntasaí ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft.

Chun gach athrú a fheiceáil, léigh Comhaontú Seirbhísí Microsoft ina iomláine anseo.

  1. Sa cheanntásc, nuashonraíomar an dáta foilsithe go 30 Iúil, 2023, agus an dáta éifeachtach go 30 Meán Fómhair, 2023.
  2. Sa rannán Do Phríobháideach, leathnaíomar an sainmhíniú ar "D'Inneachar" chun ábhar a ghintear trí d'úsáid dár seirbhísí AI a áireamh ann.
  3. Sa rannán Cód Iompair, chuireamar foclachas leis chun díriú ar thabhairt isteach seirbhísí AI agus a n-úsáid a rialú.
  4. Sa rannán Na Seirbhísí agus Tacaíocht a Úsáid, chuireann rannán Modhnóireachta agus Forfheidhmithe leis chun na cleachtais seo a shoiléiriú d'úsáideoirí agus cabhrú leo iad a thuiscint.
  5. Sa rannán Téarmaí a bhaineann le Seirbhísí sonracha, chuireamar na nithe seo a leanas agus rinneamar na hathruithe seo:
    • Rinneamar tagairt do Dynamics 365 de bhrí gur féidir clárú don táirge seo a chumasú trí fhíordheimhniú chuntas Microsoft.
    • D'athraíomar ár rannán Áiteanna Bing chun soláthairtí cheadúnas an úsáideora a shoiléiriú, ionas gur féidir leis an táirge a riachtanais fheidhmiúla a chomhlíonadh.
    • Chruthaíomar rannán nua dar teideal "Stóras Microsoft" a chuimsíonn idir OneDrive agus Outlook.com agus a léiríonn athruithe brandála. Léiríonn sé seo stádas reatha na gcuótaí stórála sa mhéid is go n-áirítear ceangaltáin Outlook.com i gcuótaí stórála OneDrive agus i gcuótaí stórála Outlook.com araon. Cuirtear nasc chuig leathanach ar a bhfuil tuilleadh eolais ar fáil, leis.
    • Shoiléiríomar an rannán Microsoft Rewards chun foclachas breise a chur leis mar thaca le rolladh amach an chláir dhomhanda, tacaíocht a chur leis d’uathchlárú úsáideoirí cuntas Microsoft agus athruithe eile ar chláir, agus foclachas chun soiléireacht bhreise a chur leis an gclár.
    • Chuireamar rannán ar sheirbhísí AI leis chun srianta áirithe a leagan amach, úsáid D'Inneachair agus riachtanais a ghabhann le húsáid seirbhísí AI.
  6. Sa rannán Fógraí, tá athruithe déanta againn chun stádas fógra i gcás roinnt ceadúnas agus paitinní a nuashonrú.
  7. Ó thús deireadh na dTéarmaí, rinneamar athruithe chun soiléire a fheabhsú agus chun díriú ar bhotúin ghramadaí, litrithe agus rudaí eile dá sórt. Tá ainmniúchán agus hipearnaisc nuashonraithe againn freisin.