Trace Id is missing

Míniú ar do Chomhaontú Seirbhísí

Tá Comhaontú Seirbhísí Microsoft á nuashonrú againn, comhaontú a rialaíonn an úsáid a bhaineann tú as táirgí agus seirbhísí ar líne Microsoft do thomhaltóirí. Tá na nuashonruithe seo á ndéanamh againn chun ár dtéarmaí a shoiléiriú agus a chinntiú go mbíonn siad trédhearcach i gcónaí duitse, agus chun ár dtáirgí, seirbhísí agus gnéithe nua Microsoft a chlúdach.

Tiocfaidh na nuashonruithe seo, a achoimrítear thíos, i bhfeidhm an 30 Meán Fómhair, 2023. Má bhíonn ár dtáirgí nó seirbhísí in úsáid agat i gcónaí ar nó tar éis 30 Meán Fómhair, 2023, is ionann sin agus aontú le téarmaí nuashonraithe Chomhaontú Seirbhísí Microsoft.

Ceisteanna Coitianta

Cad is Comhaontú Seirbhísí Microsoft ann?

Is comhaontú é Comhaontú Seirbhísí Microsoft idir tusa agus Microsoft (nó ceann dá chleamhnaithe) trína rialaítear an úsáid a bhaineann tú as táirgí agus seirbhísí ar líne Microsoft do thomhaltóirí. Feicfidh tú liosta iomlán de na seirbhísí agus de na suíomhanna gréasáin a chlúdaítear ann anseo.

Cad iad na táirgí agus na seirbhísí nach bhfuil faoi chlúdach ag Comhaontú Seirbhísí Microsoft?

Ní bhaineann Comhaontú Seirbhísí Microsoft le táirgí agus seirbhísí atá tiomnaithe do chustaiméirí ceadúnaithe toirte, lena n-áirítear Microsoft 365 do chustaiméirí fiontair, oideachais nó rialtais, Azure, Yammer, nó Skype for Business. Iarrtar ort cuairt a thabhairt ar Lárionad Iontaoibhe Microsoft ag https://www.microsoft.com/trust-center/product-overview chun faisnéis a fháil ar ghealltanais maidir le slándáil, príobháideacht agus comhlíonadh chomh maith le faisnéis ghaolmhar a bhaineann le Microsoft 365 le haghaidh gnó.

Cad iad na hathruithe atá á ndéanamh ag Microsoft ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft?

Gheofar achoimre de na hathruithe is tábhachtaí anseo.

Chun gach athrú a fheiceáil, moltar duit Comhaontú Seirbhísí Microsoft a léamh ina iomláine.

Cathain a thiocfaidh na téarmaí seo i bhfeidhm?

Tiocfaidh na nuashonruithe ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft i bhfeidhm an 30 Meán Fómhair, 2023. Go dtí sin, beidh do théarmaí reatha i bhfeidhm.

Conas a ghlacaim leis na téarmaí seo?

Is ionann ár dtáirgí nó seirbhísí a úsáid ar nó tar éis 30 Meán Fómhair, 2023 agus aontú lenár gComhaontú Seirbhísí Microsoft nuashonraithe. Mura n-aontaíonn tú leo, beidh an rogha agat éirí as na táirgí agus na seirbhísí a úsáid agus do chuntas Microsoft a dhúnadh roimh 30 Meán Fómhair, 2023.